Baile Átha Cliath

Tá Club Chonradh na Gaeilge mar phub áitiúil ag go leor Gael sa phríomhchathair agus is amhlaidh atá do Ghaeil Óga agus do bhaill na gCumann Gaelach.

Tacaíonn NGÓ le Club Sult, club coicísiúil Gaeilge sna Vaults, thíos faoi Stáisiún Uí Chonghaile -
www.clubsult.com

Béal Feirste

Tá beocht as an úr i gCumann Chluain Ard, Sráid na Sceiche, agus tá Gaeil Óga Bhéal Feirste lárnach sna forbairtí nua.
An chéad Aoine de gach mí bíonn an club is úire Gaeilge
sa tír - An G Spota - ar siúl le meascán bríomhar de DJanna agus séisiúin cheoil.

Corcaigh

Tacaíonn NGÓ le Club na Daon-Phoblachta, a bhíonn ar siúl sa Roundy sa Chathair.

Gaillimh

Tacaíonn NGÓ le Club Oa2 de chuid Árus na nGael, a bhíonn ar siúl gach Aoine ó 21.30.

An Mullach Bán, Ard Mhacha

Ar an Aoine dheireannach de gach mí eagraíonn
Gaeil Óga Oirialla oíche mhór Ghaeilge sa teach tábhairne The Real McCoy ar an Mhullach Bán, Ard Mhacha Theas.