Bunaíodh
Na Gaeil
Óga in 2004
chun cabhrú leis an bhfeachtas STÁDAS ar son aitheantas mar
theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach a bhaint amach
don Ghaeilge.
Bhí ról lárnach ag mic léinn 3ú léibhéal san fheachtas
buach sin agus ó shin i leith tá fás agus fobairt nach beag
tágtha ar NGÓ
ar fud na hÉireann.
Tá craobhacha ag an eagras i mBaile Átha Cliath, Béal
Feirste, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach agus tá
tuilleadh á chur ar bun de réir a chéile.
Ar phríomhchuspóirí NGÓ
tá ócáidí sóisialta
a eagrú do chainteoirí óga Gaeilge agus feidhmiú mar
bhrúghrúpa teanga do mhic léinn agus do Ghaeil óga eile.
In 2008 tá sé i gceist NGÓ
a struchtúrú
mar scátheagras
náisiúnta do
na Cumainn Ghaelacha in ollscoileanna na hÉireann, rud a
thabharfadh cumhacht sa bhreis do ghlór ghluaiseacht óg na
Gaeilge.