Fáilte curtha ag Na Gaeil Óga roimh fhón póca nua le Gaeilge Samsung

Níos mó ná dhá bhliain tar éis do Na Gaeil Óga tús a chur lena bhfeachtas Gaelú na bhFón Póca, tá fón póca nua, an Tocco, á chur ar an margadh ag Samsung a mbeidh ar a chumas an Ghaeilge a láimhseáil.

Ní hamháin go mbeidh clár úsáideora an Tocco ar fáil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge, ach beidh úsáideoirí in ann teachtaireachtaí SMS a chumadh le cabhair ó fhoclóir Gaeilge an fhóin. Beidh an Tocco ar cheann de na fóin phóca is fearr i réimse Samsung nó beidh scáileán tadhallíogair aige, cosúil leis an iPhone.

“Léiríonn toil Samsung an Tocco a chur ar fáil le cumais Ghaeilge air, go bhfuil éileamh ar theicneolaíochtaí le Gaeilge, agus go bhfuil na hacmhainní ag comhlachtaí teileachumarsáide a dtáirgí a chur in oiriúint do Ghaeilgeoirí” adúirt Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Na Gaeil Óga.

Ó cuireadh tús leis an bhfeachtas i mí Feabhra, 2006, tá roinnt comhlachtaí teileachumarsáide tar éis gealltanais áirithe a thabhairt mar a gheall ar a dtiomantas don Ghaeilge. “Tá leagan Gaeilge dá suíomh gréasáin seolta ag an soláthraí seirbhíse Meteor agus tá Vodafone ag obair ar sheirbhísí Gaeilge a sholáthar, ach is é seo an dul chun cinn is mó atá déanta ó thús an fheachtais” adúirt Ó hAdhmaill.

Ní fios go fóill cén soláthraí seirbhíse sa Phoblacht a mbeidh an Tocco á dhíol acu, ná níl aon bharúil tugtha ag Samsung ach an oiread faoi dhíol an fhóin sa Tuaisceart. Leanfaidh Na Gaeil Óga ar aghaidh ag stocaireacht le déantúsóirí eile fón póca chun go leathnófaí an rogha do phobal na Gaeilge thar fud an domhain, fóin phóca le Gaeilge a bheith acu.

Tráchtanna (1)

beocht úr

Fáilte chuig suíomh úrnua
Na Gaeil Óga
.

Le roinnt blianta anuas tá
Gaeil Óga
ar fud na hÉireann ag eagrú imeachtaí, ag tosú feachtas agus ag baint taitnimh as an saol Gaelach. Beidh muid anois ag cur leis an obair sin agus ag fobairt na heagraíochta sa tréimhse amach romhainn.

Mar is eol daoibh go léir, tá fás olllmhór ar Chumainn Ghaelacha na n-institiúidí 3ú leibhéal faoi láthair. Tá beagnach
3,800
mac léinn anois le ballraíocht sna Cumainn ar fud na tíre - seo ardú ó 2,592 in 2006, líon a bhí suas ó 1,755 in 2005.

Tugtar 'Glúin TG4' ar na Gaeil óga seo ach tá sé in am dúinn anois an tionchar seo a úsáid agus dul i bhfeidhm ar shochaí na hÉireann.

Sna míonna amach anseo beidh eolas ar ár suíomh maidir le forbairtí nua
NGÓ
, ina measc an sprioc chun
Na Gaeil Óga
a struchtúrú mar eagras infheicthe, eagraithe agus ionadaíoch ar Chumainn Ghaelacha na gcoláistí 3ú léibhéal.

Coinnígí súil ar an spás seo!

Tráchtanna (13)